Menu Close

San Halla Mór – Jim Ward

Bhí cuma an-sásta air ó fuair sé na torthaí. Bheadh oíche mhaith aige gan dabht. Tuige nach mbeadh? Nár thuill sé é lena neart oibre  i mbliana? Bhí sé ag teacht chuige le fada. Thug sé aghaidh i dtreo an tí tábhairne ba chóngharaí dó. Shiúil sé isteach. ‘Pionta beorach agus bosca cipíní’. Dhearg sé toitín. Chaith sé an sean-bhosca cipíní caite uaidh. Shuigh sé os comhair na teilifíse. Céard a bhí air? Clár foghlamtha do páistí, b’shin an t-am den lá a bhí ann. D’fhéach sé air tamall. Leathuair an chloig ina dhiaidh sin d’ól sé an braon deireanach dá phionta. Mhúch sé tóitín. Chaithfeadh sé imeacht. Bhí sé in am don tae. Ag siúl chuig stad an bhus dó lig sé béic as ar ‘taxi’. Céard is fiú bus nuair atá tacsaí le fail níos éasca? Cuma faoin bpraghas. Rud nár chuma leis cheana. Ach inniú bhí cuma na féile air. Bhí neart misnigh ina chuisleacha tar éis an chúpla deoch. Duine nua a bhí ann cinnte. Níorbh amhlaidh i gcónaí áfach. Duine neamhchoitianta ab ea é de gnáth ach d’athraigh agus chlúdaigh an deoch é sin. Bheadh sár-oíche ann anocht go deimhin.

Deich mbliana i ndiaidh sin…

Sheas sé isteach i mbéal an dorais as bealach ón gcith báistí a thosaigh ag titim go tobann ón spéir lán de scamaill agus de bhagairt droch-aimsire. Na scamaill, i gcónaí ina shaol dar leis.

Dhearg sé toitín eile, an dara ceann sa tráthnóna. Bhí sé de mhian aige iad a shábháil. Ní raibh ach cúig ‘fags’ fágtha sa phaicéad aige. ‘Cuma’, a dúirt sé leis féin, bheadh lá an dóil ann amárach.

Bhreathnaigh sé trasna an bhóthair ar an teach. Áras árd maorga. Cúpla stráinséir ag dul isteach anois is arís. Bhí leathuair an chloig fágtha aige go dtí go dtosnódh an cruinniú. Bhraith sé neirbhíseach agus é ag feitheamh. ‘Cén dochar’ a dúirt sé leis féin, ‘má theipeann orm an uair seo, beidh seans ann arís an tseachtain seo chugainn ag an am céanna’.

D’imigh an bháisteach. Bhreathnaigh sé ar an spéir agus na scamaill ann. An coimhlint mór shíoraí idir fhliuch agus tirim, idir geal agus dorchadas. Bheadh sí ann i gcónaí dar leis.

Bhí daoine de chuile shórt ag dul tríd an doras san áras. Na boic mhóra, daoine bochta, pleidhcí agus eile, a cheap sé. Cén sort fáilte a bheadh roimhe, a chéad uair ag an gcruinniú?

Chaith sé bun a thoitín ar an talamh agus sheas sé air. Daoine ag gabháil isteach agus iad ag breathnú ar an talamh. Faoi dheireadh shiúil sé féin an doras isteach. Istigh, seomra mór, suícháin ar gach taobh, an halla ag líonadh suas. Shuigh sé as bealach, sa chúinne.

D’oscail an chathaoirleach an cruinniú. Tar éis cúpla cainteoir, bheartaigh sé go labhródh sé rud. Le fonn cainte agus lán de mhothucháin neirbhíseacha, sheas sé suas. D’fhéach sé timpeall an tseomra agus labhair sé os ard, faitíos ina ghlór ‘Is mise Séamus, agus is alcólach mé…!’