Iasc ar an Aoine – Gearóidín Nic Cárthaigh
Anois go rabhas ceithre bliana déag, réidh leis an scoil, is ag fanacht le dul ag obair i siopa éadaigh Uí Chrualaoich, chuir mo mháthair sall go dtí an margadh mé ag triall ar an iasc. Béile éisc a bhíodh againn i gcónaí ar an Aoine – go pointeáilte ar a haon – le cairéidí is prátaí beirithe, is le hanlann bán, dá mbeadh an giúmar uirthi.
Thugas aghaidh ar an stainnín, a bhí lonnaithe ar an gcúinne trasna ó Oifig an Phoist. Bhí an bhean ina seasamh ann, lena cóta salach is lena fiacla cama, is bhíos ar mo dhícheall gan a bheith ag stánadh. Dúirt sí go raibh margadh speisialta ar an mbradán, dhá phíosa ar scilling. Dúrt go dtógfainn iad, chomh maith le líomóid, is rugas mo ghabháil go dtí mo mháthair age baile. Dúirt sise le searbhas go mb’fhearr léi iasc geal, gurbh fhusa é a dhíleá,
Mar phionós, chuir sí iachall orm an t-iasc a chócaráil is súil a choimeád ar na glasraí, a bhí ar a suanbhruith. Thuig sí go maith gurbh é mian mo chroí bheith amuigh fén aer ag spaisteoireacht tríosna páirceanna, blátha fiáine á bpriocadh agam – cam an ime is nóiníní.
Agus mé ag aistriú an éisc go dtíosna plátaí teo, loisceas m’ordóg ar an mbradán. Ach b’eol dom gan faic a rá. Fé mar ab eol dom gan faic a rá fé Thadhg Ó Maoileoin, agus na nithe a dhein sé liom i gclapsholas an tráthnóna thíos an lána taobh thiar de thábhairne Uí Chonaire i measc na mbairillí folmha is na mboscaí briste.
Sa chistin lán gaile againn, dhiúlas ar m’ordóg. Tháinig strainc ar mo mháthair, is dúirt, “Ná habair go bhfuil an drochbhéas sin á tharrac chút féin agat aríst.”
Cheapfá gurbh í siúd a bhí tar éis a hordóg a loisceadh.
Agus ní raibh aon anlann bán againn an lá san.