Menu Close

An Mac Aille – Anna-Clare Nic Gairbheith

I dtreo na uaimhe i leaca na haille a thug an fear na cosa leis, ag lorg foscaidh Ăłn tsĂ­on. OĂ­che chomh caillteach lĂ©i cha fhaca sĂ© le fada. An chuma a bhĂ­ ar bhĂ©al na huaimhe nĂĄ mar a bheadh leathadh crĂ©achta ann – cha raibh an dara suĂ­ sa bhuaile ag an fhear, ĂĄfach, ach fanacht ansin go rachadh an drochaimsir thart.

Roimh i bhfad, thug suan na muice bradaí air amharc timpeall. Is beag når léim an fear as a chorp, geit chomh mór sin a baineadh as, nó ba éard a bhí os a chomhair amach nå buachaill.

‘Dhia mo shĂĄbhĂĄil! CaidĂ© ‘tĂĄ tĂș ĂĄ dhĂ©a-,’ a ghĂĄir an fear, ach sula raibh na focla amuigh as a bhĂ©al aige, thug an buachaill mĂłrlĂ©imneach siar uaidh.

DĂĄ dhĂ­cheallaĂ­ a thriail an fear Ă© a mhealladh is ea is faide a chĂșlaigh an buachaill san uaimh. Scanraithe nĂł cĂșthalach Ă©, nĂ­or lĂ©ir, nĂł gur thĂłg sĂ© a chorrmhĂ©ar lena liobair agus cogarnach a thuig an fear a bheith i gceist aige.

Gan an dara focal a rå chuaigh an fear chomh fada leis. Ba dheacair dó ceannaithe an bhuachalla a dhéanamh amach sa dorchadas, ach ba bheag scanradh a bhí le léamh ar a dhreach cibé. Labhair an fear i gcogar leis, gidh nach bhfuair sé de fhreagra ach claonadh nó croitheadh cinn ón bhuachaill.

Leis sin fĂ©in briseadh an chogarnach de bhlosc toirnĂ­ amhail geonaĂ­l ag teacht as bolg na huaimhe, agus i bhfaiteadh na sĂșl bhĂ­ an buachaill imithe as radharc. Scairt an fear ina dhiaidh, ach cha raibh aon mhaith ann. Lean sĂ© air go ndeachaigh sĂ© amĂș agus baineadh dĂĄ bhonnaĂ­ Ă©. Thit ar a leathbholg, gan lĂșth na ngĂ©ag aige agus bhraith sileadh fola sĂ­os a bhrĂĄid. CĂ© a thiocfadh i gcabhair air anseo? Cha raibh d’acmhainn aige ach bĂ©ic ghĂ©ibheannach a ligean as.

Idir sin agus trĂĄthas, thug triĂșr comharsan tarrthĂĄil air.

‘Chuir do bhean fios orainn nach dtĂĄinig tĂș ‘na bhaile. BhĂ­ sĂ­ buartha tĂș a bheith gafa sa stoirm. Mar sin, do do chuartĂș a chuamar agus ar shroiceadh an trĂĄigh dĂșinn, bhĂ­ buachaill ag scairteadh orainn Ăłn aill seo. B’in a thug chomh fada leatsa sinn.’

Tåsc nå tuairisc cha raibh ar an bhuachaill chéanna riamh.

*

D’imigh na blianta agus thug an fear aois mhaith agus cuimhne na hoĂ­che cinniĂșnaĂ­ Ășd leis. ThĂĄinig an lĂĄ nuair a thug sĂ© na haillte air athuair.

Isteach leis ar bhĂ©al na huaimhe chomh domhain agus nĂĄrbh ann don bhĂ©al ach sliseog ghile ar a chĂșl. Sciorr tamall gur thiontaigh sĂ© agus nĂ­orbh bheo dĂł nĂł bhĂ­ an buachaill cĂ©anna ina sheasamh lena hais, gan lĂĄ aoise air Ăł chĂ©adleag an fear a shĂșile air. 

‘Tusa a shĂĄbhĂĄil mĂ© an oĂ­che Ășd,’ arsa an fear go hĂ­seal.

‘Tusa a shĂĄbhĂĄil thĂș fĂ©in,’ a chogair an buachaill. ‘Cha dtearna mise dadaidh ach do theachtaireacht a iompar.’ 

‘CĂ© thĂș fĂ©in?’

‘Is mise an mac aille.’

*

An Mac Aille

Mac Aille

Macaille

Macalla