Menu Close

Smutmhadra – Jack Ó Drisceoil

Paris Donatella a thug a máthair ar m’iníon, ní raibh neart agam air. Ní fhéadfainn riamh grá a thabhairt do pháiste arbh é Paris Donatella a hainm, bíodh sí ina hiníon liom nó ná bíodh. Cúpla mí tar éis dom scaradh ón mbean chraiceáilte sin, chuir sí glao orm á rá go raibh sí torrach. Chuaigh mé le craobhacha ach faoin am a rugadh Paris Donatella bhí mé socraithe i m’aigne go dtabharfainn aghaidh ar mo dhualgas, dá dheacra féin é.

Idir an dá linn bhí a máthair tar éis olc a ghlacadh chugam agus bhí orm dul os comhair breithimh chun cearta cuairte a fháil. Uair sa mhí, bhí cead agam lá a chaitheamh le Paris Donatella. Le fírinne, ba thuirsiúil agam na laethanta sin. Nuair a bhí siúl aici thógainn go dtí an pháirc í ar ndóigh, go dtí an clós súgartha, go dtí an áit seo agus an áit siúd, ach ní raibh aon mhaith ann; théadh sé díom na gothaí sin a thaitníonn le páistí a chur orm féin. 

Ait go leor, ní chuireadh mo dhrochghiúmar isteach nó amach ar Paris Donatella. Go fiú sula raibh caint aici, bhíodh sí ag plobaireacht léi i mo theannta agus í chomh sásta le píobaire in ainneoin na dtaomanna feirge a bhuaileadh mé toisc an saol mór a bheith ag cur i m’éadan.

Tharla, lá, gur impigh sí orm madra a cheannach. Le teann tuirse a ghéill mé. Smutmhadra beag gránna a bhí uaithi, madra nach raibh aon spraoi ag baint leis dar liom, ach bhí sise an-tógtha leis agus b’shin sin. Ní mó ná sásta a bhí a máthair, áfach, agus dhiúltaigh sí glan glacadh leis sa teach. Ormsa a thit sé mar sin, drochrath air, agus bhí an t-ainmhí sna cosa agam as sin amach. “Plob” a thug Paris Donatella air. Thug sí ar a máthair ligean di teacht ar cuairt ní ba mhinice. Bhí a croí istigh ann, mar smutmhadra.

Lá dá rabhamar sa pháirc, d’imigh Plob ina rith uainn agus bhí obair an diabhail againn teacht suas leis. Timpeall na páirce a chuamar sna sála aige ach d’imeodh sé uainn i gcónaí. Ar deireadh d’éirigh liom breith air agus é ag bolaíocht thart san fhéar fada. Bhí mé ar mire feirge agus thug mé cic dó a chuir isteach i lár na seachtaine seo chugainn é. Lig Paris Donatella scread aisti agus sciob Plob suas ina baclainn. Bhí orm an créatúr a thabhairt chuig an tréidlia ansin. Focal ní dúirt Paris Donatella liom i rith an ama ná níor fhéach sí orm. An chéad éisteacht eile a bhí agam leis an mbreitheamh, baineadh an cead cuairte díom. Fágann sin nach bhfuil iníon agam anois; níl fágtha agam ach Plob. Táim ag cur suas leis, a bheag nó a mhór. Gach lá, tugaim amach ag siúl é láimh le teach Paris Donatella. Cuireann seisean i mo choinne an bealach ar fad; níor mhaith sé dom go fóill an rud a rinne mé.