An Mac Aille – Anna-Clare Nic Gairbheith
I dtreo na uaimhe i leaca na haille a thug an fear na cosa leis, ag lorg foscaidh ón tsÃon. OÃche chomh caillteach léi cha fhaca sé le fada. An chuma a bhà ar bhéal na huaimhe ná mar a bheadh leathadh créachta ann – cha raibh an dara suà sa bhuaile ag an fhear, áfach, ach fanacht ansin go rachadh an drochaimsir thart.
Roimh i bhfad, thug suan na muice bradaà air amharc timpeall. Is beag nár léim an fear as a chorp, geit chomh mór sin a baineadh as, nó ba éard a bhà os a chomhair amach ná buachaill.
‘Dhia mo shábháil! Caidé ‘tá tú á dhéa-,’ a gháir an fear, ach sula raibh na focla amuigh as a bhéal aige, thug an buachaill mórléimneach siar uaidh.
Dá dhÃcheallaà a thriail an fear é a mhealladh is ea is faide a chúlaigh an buachaill san uaimh. Scanraithe nó cúthalach é, nÃor léir, nó gur thóg sé a chorrmhéar lena liobair agus cogarnach a thuig an fear a bheith i gceist aige.
Gan an dara focal a rá chuaigh an fear chomh fada leis. Ba dheacair dó ceannaithe an bhuachalla a dhéanamh amach sa dorchadas, ach ba bheag scanradh a bhà le léamh ar a dhreach cibé. Labhair an fear i gcogar leis, gidh nach bhfuair sé de fhreagra ach claonadh nó croitheadh cinn ón bhuachaill.
Leis sin féin briseadh an chogarnach de bhlosc toirnà amhail geonaÃl ag teacht as bolg na huaimhe, agus i bhfaiteadh na súl bhà an buachaill imithe as radharc. Scairt an fear ina dhiaidh, ach cha raibh aon mhaith ann. Lean sé air go ndeachaigh sé amú agus baineadh dá bhonnaà é. Thit ar a leathbholg, gan lúth na ngéag aige agus bhraith sileadh fola sÃos a bhráid. Cé a thiocfadh i gcabhair air anseo? Cha raibh d’acmhainn aige ach béic ghéibheannach a ligean as.
Idir sin agus tráthas, thug triúr comharsan tarrtháil air.
‘Chuir do bhean fios orainn nach dtáinig tú ‘na bhaile. Bhà sà buartha tú a bheith gafa sa stoirm. Mar sin, do do chuartú a chuamar agus ar shroiceadh an tráigh dúinn, bhà buachaill ag scairteadh orainn ón aill seo. B’in a thug chomh fada leatsa sinn.’
Tásc ná tuairisc cha raibh ar an bhuachaill chéanna riamh.
*
D’imigh na blianta agus thug an fear aois mhaith agus cuimhne na hoÃche cinniúnaà úd leis. Tháinig an lá nuair a thug sé na haillte air athuair.
Isteach leis ar bhéal na huaimhe chomh domhain agus nárbh ann don bhéal ach sliseog ghile ar a chúl. Sciorr tamall gur thiontaigh sé agus nÃorbh bheo dó nó bhà an buachaill céanna ina sheasamh lena hais, gan lá aoise air ó chéadleag an fear a shúile air.
‘Tusa a shábháil mé an oÃche úd,’ arsa an fear go hÃseal.
‘Tusa a shábháil thú féin,’ a chogair an buachaill. ‘Cha dtearna mise dadaidh ach do theachtaireacht a iompar.’
‘Cé thú féin?’
‘Is mise an mac aille.’
*
An Mac Aille
Mac Aille
Macaille
Macalla