Músclaíonn tormán an chomhartha bípeála mé as mo staic shioctha. Trasnaím, mo shúile dírithe ar na mionscáileanna idir na clocha sa tarmacadam fliuch, loganna beaga a éalaíonn ó loinnir óir na gceannsolas. Gan ghá agamsa le bréaglóchrainn. Is geal liom doircheacht nach n-eascraím uaim féin. Cuachaim mé féin ina choimhthíocht fháilteach.
Cois roimh chois nó go sroichim an clogphábháil thadhlach thall. Dúnaim mo shúile. Cúpla coismeig chúramach ar na cnapáin cruinne, ansin leanaim orm ar thíleanna míne, mo shúile druidte go docht. Ba dheas liom an turas uile a chur díom mar sin, ach cloím leis na cosáin cois balla. Fanann daoine glan ar an stráice feadh chiumhais an bhalla atá carntha le duilleoga. Tráthnóntaí samhraidh, bhítí ag fógairt orm géilleadh do bhéascnaí an ghnáthchoisí, is bhínn cráite ag claonadh nádúrtha na gcaipín súl scarúint ó chéile i bhfreagairt ar na soilse luaineacha a bhriseadh tríothu, dá dhaingne a d’fháiscinn iad.
Is beag neach daonna a thaithíonn na cosáin i ndiaidh ghéaranfa na maidine. Corrchoisí ag breathnú rompu amach, lándírithe ar éalú ón tsíne.
Lascann an ghaoth mo ghruanna, dhom’ ghriogadh ceal finnéithe ar mo choisíocht aistíleach. Báim mé féin sa doircheacht cheansa. Ligim dó síothlú trí mo cholainn, neadú im’ lár; mo chosa ag coinneáil orthu dá mbuíochas gan a rithim a bhriseadh. Slogaim an t-aer seaca go bun mo scamhóg. Mo sháith análaithe agam d’aer roinnte. Leathbhliain a ghlac sé an ealaín seo a fhoirfiú, ag ciorcalú an chlóis bhídigh idir na hárasáin, sular sheoil lucht leas sóisialaigh ar ais ar bhóthar mo leasa mé, bóthar a shín chomh fada le hoifig ba lú is ba mhíthaitneamhaí ná a gcillíní gruama féin.
Airím taisreacht ar mo leicne. Cromaim mo chloigeann faoin gcochall. Na duilleoga bog agus tiubh faoi chois, a mbrisce díothaithe ag iliomad ceathanna báistí; siosarnach comhcheilgeach na gcrann lom, glóir an fhómhair tráite astu, iad ag cuimilt a gcraobhacha cneadacha mar chumarsáid.
Tá séimhe sa dorchadas a cheansaíonn an fonn daonna tabhairt faoin té atá eisceachtúil. Na soilse dallraitheacha a chuireann sin uile as riocht.
Trí staidéar na mblianta, tháinig mé isteach ar a comhrá tostach. Na patrúin chéanna chuile háit. Amhras, mífhoighid, frustrachas is ar deireadh, deireadh na feide. Ba dhóigh leat go raibh an script curtha ar aghaidh chucu ag an dream deireanach. Saobhshásamh dom an mhím a fheiceáil á taibhiú in athuair, nodanna ag éirí níos follasaí nó go dtagadh lá na cinniúna – an ghairm isteach in oifig níos mó ná mar a bheidh riamh acu siúd a sheoil ann mé.
Treisíonn glór eile – an chanáil ag glaoch orm go cneasta os cionn ghleo na hoíche. Tugann an fána le fios go bhfuil sé in am mo shúile a oscailt. Trasnaím bóithrín de rúid, mo chabhail cromtha ó na corróga aníos, mo chosa ag sciorradh ar phaiste sleamhain tarra. Seachnaím mant craosach coincréideach a leathann fúm in imeall an chosáin. Beannaíonn an chanáil dom, tuilleadh fuar ag scairdeadh go fonnmhar tríd an loc. Dreapaim go mullach an droichid. Coinním mo shúile ar oscailt.