Menu Close

Clay & Sé – Seán Ó Dubhda

Go díreach agus an beartán á theilgean san abhainn aige feiceann Cassius Clay sonda i mbun an ghnímh chéanna ag ceann eile an droichid. Buaileann an dá dhiúracán dromchla an uisce i gcomhthráth. Leanann meandar ciúnais, an bheirt acu ag faire a chéile, nó go dtosaíonn siad ar choisíocht mhall i dtreo stua láir an droichid. Tá siad i bhfoisceacht dhá slat dá chéile sula labhraíonn an dornálaí diomúch.

– Cé thusa? arsa Clay.

– Is mise Sé, ar James Joyce.

– Cuma an diabhail ort, arsa Clay.

– An bheannacht chéanna ortsa, arsa Sé.

Meandar ciúnais eile, iad araon ag stánadh i ndiaidh a bhfuil caite le sruth.

– Eachtraigh tusa, arsa an Seoigeach, agus inseoidh mise.

– Bonn óir Oilimpeach ón Róimh, a deir Clay. Níl gnó agam feasta de.

– Mise leis, arsa Sé.

– Dearg-éitheach, arsa Clay, agus barr míchéadfa air. Cuma an lúthchleasaí níl ort, a chaocháin.

– Bonn amhránaíochta, a chara dhil.

– Bréag eile, arsa Clay. Tá críoch le tamall le gach comórtas ealaíne Oilimpeach.

– Níor chuala tú trácht ar an bhFeis Cheoil? arsa Sé. Ní móide é. Ach bonn óir Oilimpeach? Ní beag sin, mar sin féin. Tuige é a chaitheamh uait? Beidh cáil ortsa le do ló.

– Bhuel feiceann tú, má fheiceann, chomh crón le mo chraiceann.

– Go deimhin, arsa Sé, is cuidsúlach é do chneas, más ceadmhach dom a rá. Ní móide gur minic thú cheal comhluadar mná.

– Is ceadmhach, arsa Clay, ach cén mhaith dhom é? Mallacht is ea m’áilleachtsa san áit ar tógadh mé. Dá ngnóthóinn an úair úd a raibh de bhoinn sa Róimh, ní thiocfadh athrú intinne go deo ar thromlach geal mo thíre. Giolla le sciolladh acu is ea mé is mo threabh.

– Dímheas ó dhúchas iontu, arsa Sé. Mórán mar a chéile mo chás-sa, gan bhréag gan mhagadh. Sárfhear eile nár aithníodh. Tarcaisne is táire seachas cáil is caithréim. Sa tríú háit a cuireadh mé, an gcreidfeá é? Maith go leor, chuaigh mé amú sa sólfá, ach ar sáraíodh mé ag gabháil fhoinn? Beag an baol.

– Cré-umha, mar a deir tú, is ea damhna do dhuaise. Beirt, mar sin, atá ann is fearr ná an sárfhear.

– M’anam, arsa Sé, i gcúrsaí ealaíne, bíodh a fhios agat, is minic breall ar an té a thugann breith.

Tá uisce na habhann ina léinseach, Clay agus an Seoigeach ar a marana.

– ’Bhfuil áiféala ort? arsa Clay.

– Níl ná a dhath. Bíodh an bonn ag péist is a ribín ag portán. Is maidir leatsa, abair liom, céard a dhéanfas tú feasta?

– Gabhfaidh mé chun doirne athuair. Agus i gceárta an chomhraic faghróidh mé mórtas neamhchlóite mo chine.

Téann an Seoigeach ag ransú a threabhsair agus aimsíonn ann blúire páir. I bpóca brollaigh a sheaicéid tá peann agus beireann sé air. Abair arís é sin, arsa Sé agus an peann ar tinneall ina lámh.

– Abair arís é sin, arsa Sé agus an peann ar tinneall ina lámh.