
Tá San Peadar is Pól ar an gceathrú séipéal go bhfuil cuairt tugtha againn air. Deinim cos bhacóide is mé ag faire ar Mhamaí Íosa sa mhainséar. Tá clóca gorm á chaitheamh aici, is tá sí cromtha os cionn an linbh, a dhá lámh sínte amach aici. Ní raibh Mamaí Íosa sa mhainséar déanach a chonaiceamar ina dealbh cheart ar chor ar bith. Cheapfá gur as cairtchlár a deineadh í, a haghaidh gan cheannaithe, is bhí Iosaef agus na haoirí mar an gcéanna. Nach ait mar a bhíonn difear idir na Mamaíos.
Tá mo dheirfiúracha nua ag útamáil ar a ngutháin, iad bréan bailithe don saol. Deineann siad cnáimhseáil fén gcluiche Monopoly a chaithfimid a imirt níos déanaí, ach táimse ar bís mar gheall air. Ní raibh deirfiúracha móra agam riamh. Ní raibh agam ach oibrithe sóisialta, a gheall dom go rabhadar le mo leas. Dúirt fíor-Mhamaí rud eile ar fad, ach dúirt sí os íseal é, sa tslí is gur slogadh na focail mhóra síos ina scornach.
Deineann Mamaí nua agus Daidí nua fíor na Croise orthu féin, a thugann le fios go bhfuil cead imeachta againn. Agus sinn ag siúl síos tríd an séipéal, chím seanabhean sa tsuíochán déanach, agus mála siopadóireachta ar rothaí lena hais. Tarracaíonn sí buidéal amach go tapaidh go bhfuil páipéar donn fillte timpeall air, is baineann súmóg as. Cuimhním ar na sciuirdeanna go léir a thugadh fíor-Mhamaí agus mise lena cois, is deinim méirínteacht ar na Celebrations atá i bhfolach im phóca. Bainim amach péire. Leagaim na milseáin ar an suíochán in aice leis an seanabhean. Deineann sí meangadh gáire, ach tá a súile folamh.
‘Téanam, a Fhionnuala,’ a deir Mamaí nua, ‘ní mór dúinn dul go Séipéal na n-Agaistíneach roimh an suipéar.’ Deinim amach go bhfuil Mamaí nua cosúil le fíor-Mhamaí ar shlí – bíonn áit amháin eile le dul i gcónaí sular féidir linn imeacht abhaile.