Menu Close

Rud Éigin Ait sa Dúiche Seo

le Tomás Ó Loingsigh

An méad a tharla ná gur nuair a landáil mé ann bhí mé ag siúil ar bhóthar an Phortaigh (cé nach raibh aon eolas agam an tráth sin go raibh portach ann thuas) agus chonaic mé carr chugaim ar an mbóthar agus trí fhuinneoig an charr bheannaigh an fear dhom. Bhí beart mór móin ar chul an charr. Jeep a bhí ann. Ach ní hí sin an ceist. An rud ná, bheannaigh sé dom agus bhí sé mhéar ar an lámh aige. Tharla sé go gasta, bhí sé imigh sular thóg mé faoi ndeara é. Ach sin é mar a bhí, ní raibh dul amú orm. Sa teach ósta chur mé a thuairisc ach níor tugadh aon freagra ceart dhom. Ach cúpla lá ina dhiaidh sin chonaic mé aríst é. É ag siúil an bhóthar le mada cois leis. Bhí a lámha ina phócaí aige. Dúirt sé hallo liom ach níor bhain sé a lámha óna phócaí. Ach ní fhaca mé aríst é le tamaillín go dtí go bhfuair an bhean sin bás, go ndéana dia trócaire uirthi. Chuir sin uafás ar chuile duine. Foilsíodh an scéal i nuachtáin Baile Átha Cliath fiú amháin. Ach an rud ná, b’é mé fhéin a tháinig uirthi sa chaoi sin. Agus fiú leis an cruth a bhí uirthi, thóg mé faoi ndeara go raibh méar sa bhreis ar an lámh clé aici. Is ag pointe sin a thosaigh mé ag cheapadh go raibh rud éigin ait sa dúiche seo.