le Gearóidín Nic Cárthaigh
i.
An dúil a bhíonn agesna fir sa ghaisce – dúshláin, comhraic, comhlint is rásanna. Ar chóir dom bheith buartha féna bhfuil beartaithe? Féach ar an gcríoch a dh’imigh ar Mhacha.
ii.
Chéadchonaic mé Fionn ag féasta i dtigh m’athar, is thug sé le fios gur mise amháin a ghrá geal. Ach bhí spéirmhná eile ag faoileáil thart air, is n’fhéadfadh sé a rá cé againn ba mheasa leis.
iii.
Ansan a chuimhnigh sé ar an rás, suas an sliabh i gcoinnibh an aird, pé bean ba thúisce a shroichfeadh an barr, is ag an ainnir sin a bheadh an lá.
iv.
Dearg-chantal is cancar atá anois orm, gur gá iarracht agus allas trom chun an chraobh a bhreith liom – ach deir sé go dtaispeánfaidh sé cóngar dom.
v.
Rithim an rás, na mná eile im dhiaidh, buntáiste agam orthu – dá dtuigfidíst canathaobh. Cuirtear snaidhm an phósta orm fhéin is ar Fhionn, ach n’fheadar feasta cad a bheidh i ndán dom?