le Ciarán Ó Dornáin
Bhí mé ag fanacht sa charr. Bhí rud ar an nuacht faoi Bhóthar Garbh Achaidh. Ní raibh muid i bhfád ón 12ú. Bhí teannas mór ann. Tháinig an scairt agus bhí orm imeacht. Bhí fadhbanna ar an bhealach mar go raibh daoine ag cur barracáidí in áiteanna. Bhain mé an teach amach gan mórán moille.
Bhí mo dheartháir ina sheasamh ag an doras. Bhí m’athair ina suí ag amharc uirthi. Is cuimhin liom a lámha fuar. D’amharc mé idir an dá shuíl uirthi, ar oscailt, liath. D’amharc sí ar ais ach níor dhúirt sí a dhath nuair a scairt mé uirthi. Níor bhog sí a cheann. Bhog an t-anal a beola.
‘Nár chóir fios a chur ar an doctúir?’
D’amharc an bheirt orm.
‘Ba chóir fios . . .’
Thóg mé an guthán agus labhair mé leis an dochtúir. Duirt sé go gcuirfeadh sé otharcharr. Go raibh sé féin ar an bhealach. Tháinig an t-otharcharr gasta go leor. Thug siad gach trealamh isteach leo. Labhair siad go gasta liom, cibé eolas. Díbríodh amach ar an seomra suí muid. Agus an doras ag druidim, chonaic mé iad ag tarraingt a coirp ón tolg go dtí an t-urlár. A cloigeann tite siar, lig sí cineál d’osna nuair a bhuail a corp an t-urlár.
San idirlinn, tháinig an dochtúir. Labhair sé liom, ag míniú nárbh fhéidir leis bheith ann ní ba luaithe mar gheall ar an trioblóid ar an bhóthar.
I ndiaidh an torraimh, bhí teacht le chéile i gCumann na Rosann. Bhí neart agus craic ann. Bhí muintir an Lorgain ann. Gruaig chomh dubh le cleite an fhéich. An lá dár gcionn, bhí muid fán teach. Shuigh muid sa chistin ag an tábla. Bhí an seomra suí glan ciúin.
‘Ar mhaith leat tae, a Dhaidí?’
‘Caifé,’ ar sé.
‘Okey dokey.’
Throid na péas na hAontachtóirí go fíochmhar. Chuir na hAontachtóirí blocanna ar an bóithre ar fud na Sé Chontae. I bPort an Dúnáin, maraíodh fear tacsaí. Chualathas ina dhiaidh sin gur ‘bronntanas breithlá’ a bhí ann do cheannaire paraimíleata áitiúil. D’ionsaíodh fear óg agus fágadh in mharbhán beo é. Bhí an cogadh ar shéala a bheith thart faoin am sin. Ní raibh ann ach iarsmí.