Menu Close

Dul Sa Seans

le Catherine O’Brien

Mise d’abhcóide nuair a thránn do mhisneach agus ciorclaíonn na deamhain a ghintear as do mhíáthas. Ní stadainn ar ór nó ar airgead. Ní bheinn ábalta. Is eol dúinn go léir nach feasach an rud é forlámhas an ghrá a cheistiú go géar. Géillimid agus ligimid dó a rogha rud a dhéanamh linn. 

B’in an fáth gur chuas i do dhiaidh an oíche dhoineanta sin. Fé sholas na gealaí, d’aithníos an gá ionat, gá nach rabhas sásta ligint dó an lámh in uachtar a fháil. Bhí sneachta ag titim go fial agus lánghealach ag lonrú ár mbealaí. An bealach sin a bhí doiléir duit go minic an t-am sin. I gcoim na hoíche, bhéiceas mar bheithíoch allta. D’ainm, ar foluain ar an ngaoth. Arís ‘s aríst eile.

Dheineas é cé nár bhfuaireas mar fhreagra ach feannadh gaoithe ag flípeáil m’aghaidh go magúil. Ritheas gan cliú dá laghad cá rabhas ag dul. Ní raibh de dhíth orm riamh ach an tsíocháin a fheiscint i réim i do chroí. Chaoineas do chailliúint. M’olagón slogtha ag an ngaoth.

Díocas orm thú a scaoileadh saor ó do bhrón féinig. Is tusa mo shaol iomlán. Is tusa an bhrí. 

An gcloiseann tú mé? Macallaí na hoíche an t-aon fhreagra a fuaireas ar mo cheist.

Níor chuir sin cúl orm. Bhíos ag nochtadh do fhírinne duit agus ní rabhas chun stopadh go dtí go rabhas déanta. 

Tá grá dochuimsithe agam duit. Ní bheifeá ag fáil réidh dom chomh héasca sin. Tar liom, a stór. Tabharfaimidne aghaidh ar ár dtochchaí le chéile, pé rud atá i ndán dúinn i bhfochair a chéile a aimseofar an tslí. Is ionat a chuirim gach mian de mo chroí. Tar chugam, ní cóir dom a bheith ag impí. 

Mo phíosa ráite agam d’fhanas go dúilmhear ar fhreagra.

Is ansan a chonaiceas tú ag teacht chugam tríd an sneachta bog bán. Do leicne ar snámh le deora agus do dhá láimh sínte amach. Deireadh tagtha leis an gcomhrac, le do chomhrac. An bua a rabhas ag súil leis.