Menu Close

Gan Dóchas – Cathal Seoighe

Ag léamh dom oíche amháin chuala mé dordán ón lampa le mo thaobh. Tá poll ann agus shíl mé go raibh cuileog tar éis gabhail tríd an bpoll isteach. Tá an bás i ndán dúinn uilig ach ní fhéadfainn é a fhágáil le bás a fháil gan dóchas sa dorchadas. Bhí an lampa tógtha ó chéile agam nuair a thuig mé go raibh foinse an dordáin os mo chionn – cuileog, maith go leor, agus é timpeallaithe ag téada dhamháin alla. D’fhág mé ansin é le bás a fháil sa dorchadas gan dóchas is chuaigh mé ar ais ag léamh.