Teoiric Chomhcheilge – Jack Ó Drisceoil

Teoiric Chomhcheilge - pixabay

Ba dhóigh le Labhrás gur ar foluain i nga solais a bhí sé. Ansin theagmhaigh a chosa le dromchla crua. Thit sé ar a cheithre boinn agus steall sé a bhricfeasta amach ar an urlár.

‘Muise, mhuise,’ arsa duine a bhí amach roimhe. ‘Bíonn an t-aistriú garbh go leor an chéad uair.’

‘Cad é an áit é seo?’ arsa Labhrás, ‘Cad atá uait orm?’

Cineál éigin oifigigh a bhí ann roimhe, ar a fheisteas agus a iompar. Thóg seisean amach crúsca agus spúnóg agus thosaigh ar an aiseag a bhailiú den urlár. Ar chúis éigin, níor fhéad Labhrás éirí ina sheasamh.

‘Rinne tú do dhícheall tú féin a cheilt,’ arsa an t-oifigeach. ‘Ainmneacha cleite, criptiú, ballaí dóiteáin, VPN. Ach, a dhuine chóir, níl aon rud ar an idirlíon atá ceilte orainne.’ Chuir an t-oifigeach an crúsca i leataobh agus tharraing gléas leictreonach chuige.

Seabhac na Fírinne a thugann tú ort féin, nach ea? Ansin Clároibrerúnda, Uiscefaoithalamh99, Osclaígíbhursúile agus eile… Ní thagann tú le tuairimí na coitiantachta, ní thagann sin, ach gach uile scéal áibhéalach á scaipeadh agat.’

‘N-níl aon dochar ann,’ arsa Labhrás.

‘Tá dochar sa phostáil seo agat. Léigh amach os ard é le do thoil.’ Chrom sé agus shín an gléas chuig Labhrás. Thosaigh seisean ar a raibh ar an scáileán a léamh amach.

‘Is léir don dall gurb é atá sa víreas seo an chéad chéim d’ionradh ón Spás Amuigh ar an domhan seo againne. I dtús báire scaiptear víreas chun an tsochaí a chur as a riocht. Ansin tagann athrú ar an víreas agus maraíonn sé gach duine seachas na daoine is láidre. Ar deireadh tagann na heachtráin anuas ina spáslonga chun sclábhaithe a dhéanamh díobh sin a tháinig slán.’ D’ísligh an t-oifigeach a cheann gur fhéach idir an dá shúil ar Labhrás.

‘Cá bhfuair tú an scéal sin, mura miste leat?’ Dhearg Labhrás.

‘Mé féin a chum é. Píosa spraoi atá ann, sin an méid.’

‘Deacair a chreidiúint, a chara liom. Is eagal liom go bhfuil tú tar éis an lasóg a chur sa bharrach orainn. Cé a thug an t-eolas sin duit?’ Ansin chuaigh turraing phéine trí cholainn Labhráis, a leithéid nár mhothaigh sé riamh ina shaol.

‘Ar m’fhocal, chum mé asam féin é!’ arsa Labhrás de scread. ‘Níl ionam ach amadán a bhíonn ag trolláil liom ar líne!’ Go tobann tháinig deireadh leis an bpian. Thóg Labhrás a cheann agus chonaic sé go raibh an t-oifigeach i mbun a chuid aisig a alpadh siar as an gcrúsca. Ansin is ea a thuig sé an tsáinn ina raibh sé. Tháinig creathán air.

‘Lig dom – lig dom a bheith i mo sclábhaí agaibh,’ ar seisean, ‘Ní déarfaidh mé tada.’ Mhothaigh sé teas uafásach ina bholg a bhí ag leathadh go dtí gach ball dá chorp. Tháinig lasracha tine as barr a mhéar.

‘Ceapann daoine i gcónaí go bhfuil sclábhaithe uainn,’ arsa an t-oifigeach agus Labhrás á loscadh ina bheatha. ‘Is é fírinne an scéil nach bhfuil uainn ach pláinéad beag saoire dúinn féin amháin.’