Beannacht an Glasmhíl Mhárta – Tegan Forde

Beannacht an Glas mhíl Mhárta

Bhí céad dealramh na gréine ag lonrú síos ar fionnadh órga an ghiorria, ‘s é ag léimt go oscartha trín báinseach bhreá fhéir i reilg Ghlas Naíon, faoi aer aibí na maidine. Chuaigh sé ar foscadh go mear, taobh thiar leac thuama ársa, le slios géar air ‘s clúdach tiubh caonach iathghlas a choimead inscríbhinn dhoiléir na cloiche bhoinn faoi chuing rúin. D’fhair sé amach le súile tintrí ar an mathshlua a bhí bailithe in aice láithreach,‘s iad uilig cloíte faoi bhrón ag pian na díobhála.

Sheas fir ‘s mná ar aon rian le chéile, thart timpeall ar colbha na huaige, le babhlaeir, le ciarsúir linéadaigh, ‘s le haisling fíníneach coinnithe lena huchtanna go daingean. Ag barr na huaighe a sheas an athair naofa, i measc comrádaithe an Ó Donnabháin Rosa, a dhírigh a shúile báite ar an gcónra chláir a luigh go doimhin sa chré úr. Bhí adhmad an tsoithigh ag glioscarnach faoin lasair gréine, ‘s an athair ag croitheadh uisce coisricthe síos chun seacht mbeannacht an mhathshlua a ghabháil don laoch tite, roimh a turas deireanach go haoibhneas na bhflaitheas

Thug an giorria faoi de sciotán, ar luas lasrach síos an conair faoi cosaint na crainnte, ‘s i dtreo an bháiliúcháin úimléidigh. Chuir sé faoi, idir fréamhacha neartmhar an dair a sheas go bródúil in aice le huaigh an Ó Donnabháin Rosa. Shuigh an ainmhí go foighneach, ag aer ar an fear sollúnta a sheas chun tosaigh an tslua, chun dlúth agus inneach na beatha Éireannaí a athrú, gan fáil go brách air.

‘Na hamadáin, na hamadáin, na hamadáin!’ a deir an bPiarsach le gáir a tabharfadh ba bodhra as coillte. “D’fhág siad ár fianna marbh dúinn, ‘s fad is a choinníonn Éire na huaigeanna seo, ní bheadh sí faoi shuaimhneas choíche”. Bhain na focail macalla as na cnoic, ‘s chroc siad go tiubh san aer i bhfad ina dhiadh scaradh na comrádaithe spreagtha, cosúil le leictreachas statach san aer ina dhiadh buille saighead ghealáin trí néalta daoirse na spéire.

Ag luí na gréine a druid an ghiorria i dtreo na huaighe faoi deireadh, chun fréamhacha an réabhlóid, a chothú . Leag sé deora thíos a ghrua, a thit go fíneálta ar an gcré tartmhar, ‘s a chur céad bachlóga na saoirse faoi bhláth thorthúil.