An Págánach Deireanach – Sam Ó Fearraigh

An Págánach Deireanach

Tá sí ina luí san áit ar thit sí. Bruach fuar an locha, uisce ar chomhdhath leis an sclát-spéir thairsti. Tchíonn sí scáileanna – scamaill dhorcha á dtiomáint roimh an ghaoth, trí scamall bhána nach mbogann.

Suíonn sí go mall, pian ag preabadh i ngach ball dá corp, meadhrán inti. Cha dtuigeann sí an radharc atá roimpi – tá a deartháireacha fós ar an loch, ag diúltú don naomh, a gcloigne á gcaitheamh go tarcaisneach acu, mar is dual do mhic rí.

Buaileann taom sceimhle í. Seasann sí is tosaíonn go guagach ina dtreo. Triaileann sí scairteadh le guth nár cloiseadh leis na céadta bliain. Tuaim cha dtagann áfach ach drandán pianmhar lag.

Brostaíonn sí.

Tá fearg ar an naomh. Deir sé rud inteacht leis an triúr ar an uisce. Sciobann an ghaoth a chuid focla uaithi ach tiontaíonn a deartháireacha uaidh go sotalach.

Tagann scáth thar ghnúis an naoimh. Ardaíonn sé a lámha chun na spéire, súile druidte, béal ag bogadh go gasta. Tá rud inteacht ina ghlac – clog beag cré-umha, an clog a tharraing chuig an áit dhamanta seo iad, an gléas lenar réab an naomh óna cuid deartháireacha í.

Tá sí ag rith anois, ag slaparnacht fríd an tanaí, beag beann ar an phian ag pléascadh inti. Tagann a guth anois agus screadann sí orthu imeacht, éalú – géilleadh fiú.

Ach cha ndéanann siad ach a theannadh le chéile go cosanta. Tchíonn sí breacadh na haithne ina súile agus, ansin, uafás.

Titeann lámh an naoimh. Smiotann sé an clog ar na clocha.

Blosc toirní.

Titeann sí, lámha fáiscthe ar a cluasa, ach mothaíonn sí fós an chreill dhomhain ag creathadh inti.

Éiríonn a deartháireacha ón uisce le scaoll, a gcuid sciathán ag greadadh an aeir, ag dreapadh na gaoithe faoi líonrith. Screadann sí orthu fanacht ach má chloiseann siad í, cha stopann.

Tchíonn sí sa bhearna idir dhá scamall dhorcha iad – triúr ealaí bána crochta i nga lag gréine. Ansin tá siad imithe.

Titeann tost ar an loch. Stánann sí ar an áit a raibh siad. Cha mhothaíonn sí an naomh nó go bhfuil sé laistiar di.

‘Págánaigh,’ ar sé, an focal caite uaidh amhail seile.

Briseann an aois ansin uirthi – na céadta fada garbha, blianta fada deoraíochta ar loch agus muir. Amharcann sí ar an chorp sheargtha ina bhfuil sí, tuigtear di go bhfuil sí lomnocht.

Airíonn sí fuacht an uisce.

Scairteann an naomh ar ghiolla chun í a iompar chuig an chillín. Tugtar seanéadach garbh di. Ar maidin, cuirtear í chun oibre.

Focal cha ndeir sí le Críostaí beo ina dhiaidh sin. Ach bíonn sí ag drandán le hainmhithe, le héanlaith, i dteanga nach dtuigtear ach corrfhocal di.

Níl aon chontúirt sa tseanbhalbhán, ní fada go ndéantar neamhaird iomlán uirthi. Ach cha ndéanann an naomh dearmad uirthi. Lena bás cuirtear lasmuigh den reilig í, sa choill neamhbheannaithe ina gcuireann siad na leanaí gan bhaisteadh, féinmharfóirí, marbhghinte, is gach duine eile a éagann lasmuigh de sholas Dé.

Um chlapsholas cloiseann siad sciatháin ag dreapadh na spéire tharstu.