Dúnann Aoife doras na cairte agus brúnn cnaipe na heochrach chun glas a chuir uirthi. Tosnaíonn sí ag siúl síos an cnoc i dtreo tigh na marbh.
Labhrann Tom léi. “Beidh sé seo ceart go leor. Ná bí chomh buartha sin. Imeoidh an t-am go hana-tapa inniu. Is í an tsochraid amárach a bheidh deacair. Go háirithe an t-adhlacadh… Ach beidh tú go diail. Bhís i gcónaí, le rudaí mar seo. An gcuimhin leat sochraid mo mháthar? Tusa an t-aon rud a choimeád ag imeacht sinn…”.
Ní deireann Aoife aon rud leis. Leanann sí uirthi ag siúl, ach leanann sé air, ar aon chuma, ag iarraidh misneach a thabhairt di. “… agus féachann tú go hálainn. Níos fearr ná riamh. Bhí an ceart ar fad agat na bróga san a chaitheamh. Agus an cóta. Cuma an airgid ort…”.
Tá Aoife agus Tom nach mór ag an ndoras. Braitheann Aoife a cosa ag bogadh níos moille anois, ar nós a bheith ag siúl trí ghaineamh bog, í ag druidim go drogallach lena ceann scribe. Ní theastaíonn uaithi dul isteach ann. Ní theastaíonn uaithi ach dul abhaile le Tom.
“… A million dollars, mar a deirtear, ana-dheas ar fad!” arsa Tom ó laistiar di, ag ligeant di dul chun tosaigh ar an gcosán cúng díreach agus iad ag déanamh ar an ndoras, “Beidh daoine ag rá leat gur ormsa an t-ádh, ná bíodh aon dabht fé sin!”.
Casann Aoife chun é a fhreagairt. Tá sí ag iarraidh breith ar a lámh agus rith thar n-ais go dtín gcairt leis, tiomáint abhaile, ag gáirí leo, stopadh sa tsiopa beag chun fíon dearg agus cáis a cheannach, seans. Bheadh sé go dona, dána, ach ar a laghad bheadh an bheirt acu go dona le chéile. Ach tá Tom imithe as a radharc. Tá comharsa ag siúl ina treo, agus nuair a chíonn sé Aoife os a chomhair, beireann sé ar a lámh chun é a chroith. Féachann isteach sa dá shúil uirthi agus é ag labhairt go trom, dáiríre. “A Aoife, tá fíorbhrón orm. Ní maith liom do thrioblóid. B’fhear iontach é Tom. Má bhíonn aon rud uait…”.
Gabhann Aoife buíochas leis, agus bailíonn léi isteach an doras. Caitheann sí súil siar thar a gualainn, ach fós, tá Tom imithe.