Bhí an phríomhshráid lom agus cuma níos sceirdiúla uirthi ná riamh. Ní raibh duine ná deoraí le feiceáil ar an gcosán. Ní raibh carr ar bith ann. Ní raibh ach bus le paisinéir amháin ag longadán síos an bóthar. Bhí an sráidbhaile bánaithe. Tháinig Aoife den bhus agus shiúlamar thar na siopaí folmha i dtreo na farraige.
B’údar sásaimh ár gcinneadh dúinn níos luaithe sa tseachtain. Reibiliún dár gcuid féin a bhí ann. Gach uile dhuine ag déanamh a seacht ndícheall ticéid agus síob a fháil don ócáid mhór. An fuadar ag fás i gcaitheamh na seachtaine. Na mná rialta ar scoil ar bís, iad ag borradh leis an mbród agus an áthas. Ní raibh suim dá laghad againne i gcuairt an Phápa. B’fhearr linn aistí Virginia Woolf a léamh ná slánú ón bpeaca a phlé lenár múinteoir creidimh cúig lá sa tseachtain.
Mar sin féin, agus an lá mór ann, d’éirigh mé amhrasach. An bhféadfadh gach mac máthar a bheith mícheart? B’fhéidir go raibh dul amú orainne, ach bhí sé ródhéanach ár bport a athrú anois.
Bhaineamar an cladach amach agus chasamar ar chlé faoin tollán beag a iompraíonn an traein lasnairde go dtí an stáisiún áitiúil. Stad Aoife lena dlaoithe a chur siar óna súile ach shéid gaoth na mara go fíochmhar agus d’éirigh sí as. Seo linn arís trasna na trá ghrin, greim daingean againn ar ár sciortaí.
Bhíomar ag tabhairt aghaidh ar ár ngnatháit, carn ollmhór de bholláin eibhir cruachta ar chúl na trá. Bhí neart spáis idir na bolláin le brú istigh eatarthu agus suíochán a fháil. Níor ghá dúinn a bheith faoi cheilt an lá úd, gan ach na faoileáin ag póirseáil tríd an bhfeamainn ar imeall na dtonnta, na hiascairí agus na siúlóirí go léir imithe. Ach bhí nimh sa ghaoth agus bhí rúndacht cleachta againn le fada.
Faoi dheireadh agus muid faoi choim na gcloch mór, rug mé ar lámh mo chailín. Rugamar barróg ar a chéile.
‘Tá gaineamh ar d’éadan.’ Bhí Aoife ag gáire. Chuir sí a lámh ar mo ghnúis go séimh. Phóg mé a gruaig chatach ghleoite. D’fhanamar ann go dtí an clapsholas.
Ar ais ag stad an bhus, bhí Aoife buartha. ‘Tá diabhal rian den bhus. Beidh mo mháthair ar buile.’
D’fháisc mé a lámh agus thug mé póg di chun í a chur ar a suaimhneas. Díreach ansin, chuala mé cogar corraithe laistiar dom.
‘I seen what youse was at!’ arsa an guth.
Thit mo chroí. Thiontaigh mé thart de gheit agus chaith mé uaim lámh Aoife ar an bpointe. D’aithin mé é in ainneoin an dorchadais. An stócach béalscaoilte a bhí ann, an té a d’oibríodh sa siopa nuachtáin.
Os mo chomhair bhí an chéad chúpla carr ag filleadh ó Aifreann an Phápa i bPáirc an Fhionnuisce. Ar feadh meandair, bhí aghaidh bhán Aoife soilsithe ag a gceannsoilse. Chuaigh drithlín scéine tríom.
Rug mé greim ar a lámh agus thosaíomar ag rith. Leanamar ar aghaidh san oíche dhubhdhorcha gan ceann scríbe ná smaoineamh againn ach éalú.