Menu Close

An Babaí – Sadhbh Devlin

Bhí an aifreann díreach thart agus greim daingean agam ar mo leaidíní i gcoinne an borradh pobail a bhí ag brú amach tríd doirse an tseipéil. Bhí mo smaointe chun tosaigh orm, ag gearradh tríd an reilig agus ag tarraingt mairteoil rósta ón oigheann sular éirigh sé righin. Níor thug mé an sagart faoi ndeara fiú, go dtí gur shín sé amach a lámh agus gur leag sé ar mo bholg é – díreach san áit ina raibh luath-at an linbh ag brú i gcoinne mo ghúna.

‘Sin do chailín anois duit,’ a dúirt sé go feasach agus léim mo chroí i mo chliabhrach. Nach cailín a bhí uaim? Cé nach bhfuil sé ceart ná beannaithe é sin a rá os ard. D’fhéach sé ar mo bhuachaillí beaga. ‘Smaoinigh ar sin!’ ar sé leo. ‘Deirfiúirín daoibh. Agus nach mbeidh an t-ádh léi deartháireacha breátha dathúla cosúil libhse a bheith aici?’ Chlaon na páistí a chinn go cúthail mar a chlaon mé mo cheann féin.

‘Smaoinigh ar sin,’ a d’fhreagair mé de mhacalla agus meangadh ag brú ar chúinní mo bhéil.

Thosaigh mé ar an layette a réití an tráthnóna dár gcionn. Roghnaigh mé éadach bhog tuáilleach leis na clúidíní a chruthú agus shamhlaigh mé mé féin á shocrú timpeall ar thóinín beag baineann. Chruthaigh mé na héadaí eile as cadáis bhán. ’Sí bán an dath ciallmhar le húsáid, a deirtear. ’Sí bán an dath ceart do leanbh nach bhfuil peaca déanta acu fós. Ach, ansin, chonaic mé an olann i bhfuinneog Kingston’s. An carn beag clúmhach ar dhath an róis a bhí chomh mealltach sin go raibh cúpla cheirtlín ceannaithe agam sar a thug mé faoi ndeara go raibh sé déanta agam.

Fad is a bhí fir an tí ina chodladh, chniotáil mé buataisíní agus boinéid faoi rún. Chuaigh mé ar ais go dtí an siopa le ribíní síodúla a cheannach lena mhaisiú agus tuilleadh den olla bándearg. Chniotáil mé cairdeagan bídeach agus – ag mothú dána – gúna. Phíosáil mé le chéile é go cúramach, fad is a bhí na buachaillí ag spraoi go glórach sa chlós agus mo chailín ciúin i mo lár. Mo pheata beag cheana féin. D’fhuáil mé cnaipí néamhainn fíneálta ar an maidin a thosaigh na pianta. Sháigh mé mo mhéara leis an tsnáthaid le gach freang a rith trím, ach dhéanfainn rud ar bith do m’iníon.

Aingeal a bhí roghnaithe agam mar ainm di.

Do mo pheacaí.

Tá sé seachtainí ann ó shin agus níl ainm eile roghnaithe agam. ‘An babaí’ a ghlaoitear air. An babaí, a shrac as a chéile mé. A scoilt i leath mé. A rinne óinseach díom. An babaí dheireannach a bheadh agam, dar leis na dochtúirí. Ba cheart dom bheith buíoch go bhfuil sé sláintiúil, a deirtear.

Ach, tá faitíos orm go bhfuil gach greim grá a bhí istigh ionam snaidhmthe le chéile i ndath an róis agus nach bhfuil fiú snáth fágtha don babaí seo gan ainm. Níl sé ceart ná beannaithe é sin a rá os ard ach oiread.