Menu Close

Fís – Catherine O’Brien

I mo fhís, tá na sráideanna beagnach bánaithe. Corrfhuaim agus corrfhocal ag brú isteach anseo is ansiúd ar ár n-aoibhneas ach seachas sin is linne an lá. Greimeann an draíocht go dlúth duit mar a dhein sa saol. Téaltaímid as radharc. Níl ann ach mise, tusa agus camfheothan taibhseach a dhéarfá a bhfuil á chur amú gan lucht leanúna níos leithne.

‘Coinnigh suíochán dom’ a deireann tú i mo chluas agus muid timpeallaithe ag ciúnas úr na maidine, an t-am sin nach gá a dhrámú.

‘Coinnigh suíochán dom’, a deireann tú cé nach bhfuil spréach dhath fós sa spéir. Seans maith gur réitigh tú é mar seo dom. Ag fanacht le d’ordú atá an spéir. Ní rófhada go mbeidh sí lasta le soilse dóchais a chinnteofar go mbeidh imlíne an éadóchais smeartha, spréite – scriosta.

Dá mbeadh rogha agam, d’fhanfainn anseo i do chuideachta go dtí go dtosódh lámh dhofheicthe na réalaíochta ag scaoileadh millín péinte chun an lae a chludach i bhfaillaingí na hoíche.