Menu Close

An tÉileamh Deiridh – Gearóidín Nic Charthaigh

D’fhág sí treoracha agus í ag saothrú an bháis.

Bhíomar go léir bailithe timpeall uirthi, an seomra plúchtach, an páipéar balla ósna seachtóidí ag cur meadhráin orainn. Ní raibh paidreacha á rá, ná téarmaí ceana á n-úsáid; ní raibh deora lenár súile, ná Kleenex inár lámha.

Bhí sí mar bhábóg cheirteacha sínte sa leabaidh, an t-iliomad piliúr taobh thiar di, greim na mná báite aici ar na braillíní bána.

“Ortsa, ’Liam, a bhronnaim an tigh. Is ná díol é. Beidh sé ag sliocht ár sleachta, i seilbh mhuintir Uí Mhurchú go brách.”

Bhí seile lena béal, is crith ina glór. Ach bhí a cuid ráite aici, is lig sí osna bheag le teann faoisimh.

As eireaball mo shúile, chonac Liam agus a cheann fé. Mise agus mo dheirfiúracha ’ár marú féin le cúig bliana ag tabhairt aire di – á tiomáint chuig coinní dochtúra, slacht á choimeád ar a tigh, súil á coinneáil ar a cuid piollaí. Is bhí Liam i bhfiachaibh, toisc an tóir a bhí aige ar shiopa Paddy Power. Scéal go raibh ár máthair dall air. Thuigeamar-na go mbeadh air an tigh muintire a chur ar an margadh. Bhíomar deimhnitheach de, chomh cinnte is atá gob ar phréachán.

D’fhéachas ar Nóirín, ar Úna, is ansan ar Mháire. Dheineas léamh ar na cuntanóis acu, ar na gruanna arda a bhí orainn go léir, is ar na súile splancúla.  D’imíomar ón seomra, sa tslí is nach raibh fágtha leis an seana-lady ach Liam, is a chóta fós air (bhí sé easláinteach óna óige).  Liam, a bhí idir dhá thine Bhealtaine anois, is gan trua ag éinne againn dó. Nár shantaigh ár máthair riamh an rud nach rabhamar ábalta air? Ba chóir go mbeadh taithí aige ar a leithéid.

Ag ól scíobas tae dúinn as seana-mhugaí sa chistin, chualamar an bhéic. D’fhilleamar ar an seomra leapan.

“Tá athrú tagtha ar a cuid anála,” a dúirt Liam.

“Seiceálfad a cuisle,” a dúirt Nóirín, a cuid traenála ag teacht chun cinn.  Is tar éis tamaill bhig: “Tá sí imithe uainn.”

Sheasaíomar, gan chorraí, an tost eadrainn chomh trom le corpán.

D’fhágamar socruithe na sochraide fé Liam. Is nuair a shiúlaíomar i ndiaidh na cónra lá a hadhlactha, d’iompraíomar ár gcuid gortaithe ina nduine is ina nduine, iad ar nós bláthfhleascanna a bheadh feoite ag an ngrian.