Menu Close

Iníon Umhal

le Sernin Seal

Is minic a chuireann sí an cheist uirthi féin: Ar dhein sí an cinneadh ceart nuair a d’imigh sí? Tá an cheist sin á cur aici ónár éirigh a hathair tinn. Ó fuair sé bás, tá sí á cíoradh de shíor.

Tharla sé san ospidéal. Ina luí i leaba nach leisean í a bhí sé. Ina aonar. Is mar sin a d’imigh a hathair. Bheadh sise ann fairis, dá mbeadh sí thall, ach bhí sí abhus, chomh gar do mhuintir a céile is a bhí sí cian óna hathair.

Dob é a céile a mhol di a tír agus a hathair a fhágaint, teacht ina theannta chuig a fhód dúchais féin chun saol nua a thógaint ann, le chéile. Ní chuireann sí aon locht air as. Ní raibh ann ach moladh agus, tar éis dó é a chur faoina bráid, ní dúirt sé focal sa bhreis faoi nó go ndúirt sise gur thaitnigh a mholadh léi, go mór.

Is fíor go bhfuil an saol atá acu anseo i bhfad níos fearr ná mar a bheadh dá bhfanfaidís ansin: Tá a dtigh féin acu, le radharc ar na sléibhte, agus a ndóthain de gach a dteastaíonn. Níor inis a céile aon bhréag di: Gheall sé dea-shaol di agus tá sé go maith. Is fíor go ndúirt sé go dtabharfaidís cuairt ar a hathair go rialta, go gcaithfidís an Samhradh thall – agus gach ré Nollaig, dá mba mhian léi – ach b’in moladh nár thaitnigh léi, in aon chor.

Ní ar a céile, mar sin, ach uirthi féin amháin a chuireann sí an locht as ligint dá hathair bás a fháilt ina aonar. Ní raibh sí stuama ná misniúil go leor le fanúint mar a raibh sí, gar dá hathair a bhí ag dul in aois. Ba chóir go mbeadh a fhios aici nach blianta fada a bhí i ndán dó, go dtuigfeadh sí go dtréigfeadh a chumhacht a ghéaga, go luath, agus go mbeadh an seanfhear ar nós naíonáin, ag brath ar pé duine a bheadh ina thimpeall. Dá mbeadh an tsiosmaid inti agus an misneach aici, ise a bheadh ina thimpeall agus ar aire a iníne a bheadh seisean ag brath, go huile is go hiomlán. Léise a bheadh an chumhacht ansin agus chéasfadh sí a hathair ar a seal.

Sin mar a bheadh ach d’imigh sí ró-luath. Ghlac sí a deis nuair a thairg a céile di í, d’éalaigh sí óna hathair nuair a bhí sláinte an bhradáin aige. Ní dheachaigh sí thar n-ais fiú tar éis don tsláinte teip air. Lig sí dó éag ina aonar, slán ó dhíoltas a iníne.

I ndiaidh a bháis, labhair sí leis an ndochtúir ar an bhfón. Sólás an rud a bhí uaithi. D’iarr sí air bheith ionraic sular chuir sí an cheist: Ar fhulaing m’athair ag an ndeireadh? D’fhreagair sé í, go hionraic, agus, nuair a chuala sé í ag gol, dúirt sé gur thrua leis a cor. Conas nach dtuigfeadh duine bunús na danaide a bhainfeadh deora as súile iníne umhaile?