Menu Close

Séasúr na Seilge – Sadhbh Devlin

Bhí Sadhbh trom ar pháiste nuair a d’fhág Fionn le dul ag sealgaireacht. Bolg mór lán uirthi. An t-am ag druidim léi. Sheas sí, lámh le balla cloiche an dún, ag faire amach thar an machaire ag feitheamh air. Ag bun na spéire, bhí scáileanna ag bogadh ina treo. D’ardaigh an ghaoth. Bhí madraí ag tafann ann, fir ag canadh. Leath a polláirí agus shú sí isteach cumhra ina raibh duilleoga lofa, úlla ag titim go hithir, fuacht na crainn loma. Bhí boladh allais, bréan-chlúmhach ann agus faoi sin fós, boladh eile. Boladh géar, miotalach. Fuil.

          Is ansin a chonaic sí an fia a bhí ag crochadh eatarthu. Bunoscionn le beanna scoite. Screamh fola ar a mhuineál. A bhúiríl tachta. Chuir sí a lámh lena béal féin ag iarraidh an scread uafáis a bhí ag ardú inti a phlúchadh. Í ag cuimhní uirthi féin mar a bhíodh sí tráth. Ag rith luathchosach thar an bhfraoch donn. An gaoth ag siorradh timpeall uirthi. Gach matán sínte. Allas mar chúr ar a craiceann mín. Crúba ag trostal fúithi. An raithneach á réabadh aici. An talamh suaite ina diaidh. An cumhacht a bhí aici. An cumas.

Chuimhnigh sí freisin ar an lá anuraidh go bhfaca sí Fionn ar dtús. Bhí boladh fola san aer an lá sin freisin. Fuil ag sileadh ó fhiacla na madraí a stop ciúin agus fiosrach os a comhair amach. Tuiscint iontu nárbh ainmhí í, ach rud éigin eile. Rud éigin idir dhaonna agus fauna. Lig siad uaill mearaithe astu. Stopadh sleánna na sealgairí agus thóg Fionn abhaile í, mar dhuais, chuig an mbroinn cloiche seo, ar bharr an chnoic. D’fhan a geis ar leac na doirse agus gan é, tháinig cruth bog, baineann uirthi. Thuig sí, go raibh an draíocht taobh amuigh fós, ag feitheamh uirthi ar nós madra dílis.

D’ardaigh Fionn a lámh chuici, ansin. Meangadh mór bán air, in aghaidh dearg-smeartha. Rinne Sadhbh iarracht a lámh féin a ardú mar fhreagra air ach preab a croí ina cliabhrach ag léimtí idir ghrá agus gráin inti. Lúb an leanbh ina lár, ag brú go tréan i gcoinne balla a broinne. Thuig sí go raibh sé á réití féin agus nach fada a bheadh ann go dtí go mbeadh boladh fola úr san aeir.

An cos a bhí á mbrú ag an páiste, nó crúb?

Shamhlaigh sí í féin ag teitheadh – na cosa beaga ciúine a bhí fúithi anois ag déanamh ceol callánach ar an dtalamh arís. Shamhlaigh sí leaba duilleogach di féin agus an leanbh – i bhfad ó na madraí, i bhfad ó scian agus sleá an sealgaire, i bhfad ón áit fuar-cloicheach seo. Shamhlaigh sí go raibh sí láidir arís, gach matán sínte, cúr allais uirthi agus an páiste ag sleamhnú amach aisti go héasca. Bhí madraí Fhinn ag an doras anois. Ach, bhí a madra féin ann chomh maith. Ní raibh le déanamh aici ach lámh a shíneadh amach lena shlíocadh.