Menu Close

Tá go maith/ cuíosach maith/ maith go leor/ – Joanne McCarthy

Táim ag bácáil aráin bananaí. Bheul, bheinn más rud é go raibh banana fágtha sa tigh.

Tánn tú ag leanúint cláir Pilates ar Zoom. Agus Yoga. Ag smaoineamh faoi  Zumba.

Tá sí ag eagrú Tráth na gCeist don chlann anocht. Bunaithe ar na hOchtóidí. Aríst.

Tá sé marbh ag gearáint faoi reathaí ró-chóngarach dó ar na cosáin phoiblí.

Támíd ag féachaint ar Netflix. Sky. An Nuacht. An Aimsir. RTE. 

Tánn sibh ag seoladh na meme céanna timpeall gach lá. 

Táid ag rá go mbeidh lámh in uachtar againn tráth.