Codlaíonn mo mhac ar deireadh. Tá a chlúidín athraithe is tá scéilín léite agam dó.
Bhíodh sé de nós agam féachaint ar Netflix ag an am seo den oíche. Ach théadh mo chuid smaointe ar strae. Ní fhéadfainn díriú ar na cláracha.
Ansan bhíodh sé de bhéas agam Chardonnay a ól. Ach chuireadh sé póit orm. Is bhíodh cantal dearg orm leis an leaid óg.
Anois, deinim cáca baile. Is ionann bácáil agus teiripe.
Deinim plúr, salann, is sóid aráin a chriathrú. Taitníonn an suaitheadh liom. Caithim an plúr donn isteach. Ansan an bhláthach chun taos bog a chruthú. Deinim é a fhuinneadh le fuinneamh is le faobhar.
An taos leis an iarta agam i gcónaí, ach nach é sin an chuid is lú de?
Ansan, tógaim an scian chun cros a dhéanamh ar dhroim an taois. Sáim an t-aer leis an scian. Samhlaím polaiteoir eile ag titim i laige.
Isteach san oigheann leis an dtaos ar feadh daichead nóiméad. Tosnaím ar an nglanadh suas. An babhla, an scian, is na huirlisí eile á gcleatráil agam go brúidiúil sa doirteal.
Ar an gcúntar oibre chím an slisneoir. D’fhéadfainn é sin a úsáid ar chos riarthóir an HSE. Chím an súire. D’fhéadfainn putóga an dochtúra teaghlaigh a chur isteach ann.
Tógaim an cáca amach as an oigheann agus líontar an chistin leis an mboladh. Fillim tuáille gréithre timpeall ar an gcáca, fé mar a chuireas pluid níos luaithe timpeall ar mo mhaicín sé bliana déag.