Sponc – Siobhán Ní Chinnéide

‘Oíche Dé Sathairn, Tigh Uí Bhriain ag a hocht a chlog is tú breá cluimhrithe’. B’in an méid a fuair mé sa téacs ó Shíle. Éist, ní bhím amhrasach ina leith ar chor ar bith (mar chara) ach, mar chomhairleoir an ghrá, bím. Cibé scéal é, táim ullamh don chéad leaidín eile a chuireann sí os mo chomhair. Bhuel, táim is nílim. Ag breathnú orm féin anois sa scáthán i bpluais ghránna Uí Bhriain, tá brat eile de dhonnú bréige ag teastáil uaim ar m’aghaidh. Go deimhin, tá cuma liath orm i gcomparáid leis na leibhéil dhifriúla de mhahagaine ag teacht aníos ó mo ladhracha faoi láthair.  Is cuma sa diabhal ar aon nós, tá ruathar fúm anois. Bheadh orm níos mó ná mar atá a chur orm chun déileáil leis na soilse ciachmhara sa phub. Más rud é go bhfuil sé thart ar cúig déag nóiméad chun anois, tá, abraimís…cúig nóiméad agam mé féin a eagrú sa leithreas, teacht ar ais agus a bheith tosnaithe ar dheoch sula dtagann mo laoch. Is mé ag déanamh imscrúdú ar na mionrudaí, nílim leath chomh sásta le mo ghúna ach oiread. N’fheadar cén fáth gur bheartaíos sciatháin na sicín a thaispeáint don domhan ach, is gúna fada é ar eagla go bhfuil an fear bocht seo ciúin, cúthaileach.

 Níl uaim ach deoch anois. Ar tharla sé riamh duit nach raibh an stól ag déanamh aon rud duit? Táim suite ag an mbeár, cosa trasnaithe chun an méid taitneamh a bhain mé as mo dhinnéar a chlúdach agus a bheith chomh banúil agus is féidir liom a chur chun chinn. Dul sa seans atá ann i ndáiríribh ach, an gá dom a bheith chomh curtha le chéile nuair atáim suite sa láithreán dumpála seo? Táim cinnte gur roghnaigh an fear seo an pub. Boladh bocht briste atá ag teacht ón áit. Céad faoin gcéad cinnte gurb í mise an t-aon bhean atá anseo.

‘Deoch eile?’ an freastalaí a bhí ag caint. Tar éis cúpla nóiméad freagraíos ‘led’ thoil’. Ba chóir crochadh timpeall le deoch eile chun seans a thabhairt don bhfear. Deoch níos láidire an uair seo. Tháinig fir eile, d’imigh cuid acu. Cá bhfuil sé? Samhlaigh gur tháinig sé isteach cheana féin, d’fhéach sé ar na pictiúir a thug Síle dó agus d’imigh sé díreach ina dhiaidh tar éis scagadh a dhéanamh orm. Náire orm! Cé fáth go dtugann siad rogha duit pictiúir a athrú ar na meáin mar sin? Tar éis tamaillín a chaitheamh ag pleidhcíocht leis na píosaí oighir sa ghloine le cuma orm go bhfuil mé i m’aonair, ceapaim go bhfuil fear an bheáir ag tabhairt ‘na súile’ dom. Ó! Fear an bheáir, m’fhear…tuigim anois! Fan soicind, ag féachtaint timpeall, tá gach duine ag tabhairt ‘na súile’ dom. In ainm Dé, caithfidh mé imeacht. N’fheadar an í an deoch láidir? Nó b’fhéidir go bhfuil gach duine ag féachaint orm ag rá ‘an bhean bhocht! Caithimid a bheith deas léi, níl éinne aici!’ Slán tamaill, níl éinne uaim.

Back to Splonk Issue 2

error