Menu Close

Seachnaíonn Súil… – Realtán Ní Leannáin

Chonaic mé mo dheirfiúr tráthnóna. Sílim.

Bhí sí ag siúl i measc na scaiftí taobh amuigh den phictiúrlann ar Bhóthar Átha Cliath.

An ise a bhí ann? Bhí an gaosán s’againne aici, cinnte. An créatúr, cérb bith í. Agus a folt catach. Dath? Cá bhfios. Féile aistritheach a bhí sa dath gruaige aici ariamh anall. D’athraíodh sí é sin ó mhí go mí. Níl dóigh ar bith a mbeadh a fhios agam cén dath anois é an folt aici, blianta i ndiaidh . . . ina dhiaidh.

Shiúil sí mar a shiúladh sise, ag brú is ag brostú tríd na sluaite Sáthairn. I gceannas.

Níl mé cinnte an í féin a bhí ann.

D’fhan mé píosa taobh thiar di ar an chasán. Dá bheicfimis a chéile bheadh cinní le déanamh. Beannú dá chéile? Siúl thar a chéile? B’fhearr gan rudaí a dhéanamh níos measa ná an liombó seo a shín na blianta siar.

Shuigh mé i gcaife beag, i gcoirnéal ciúin agus te. Chúr mé mo mhéara thart ar  mhuga tae láidir agus iced coconut finger le him. Bia sóláis, bia ó m’óige.

Níl mé cinnnte cad chuige a raibh mé chomh curtha amach, ach is amhlaidh a bhí. An saol nua a bhí cruthaithe agam dom féin. Na cairde nua. An jab maith, an teachín sciúrtha, néata. Bhí siad uilig feannta díom, díreach mar a lascadh an craiceann díom an lá sin, an craiceann den sciathán clé a luasc gan mhaith ag mo thaobh inniu.

Ní raibh fonn orm dul siar an bóithrín sin i mo cheann ná i mo chroí.

D’fhill mé ar mo theach beag arís, liom féin. An doras druidte agus faoi ghlas. Tá sí druidte amach as mo shaol arís, beagnach. Roinnt ama eile agus beidh sí curtha i bhfolach arís i measc na bpluideanna a theannaim thart orm féin, díbeartha in athuair ó mo shaol. Beidh mé in ann anáil a tharraingt.

Back to Splonk Issue 2