Níl Tú Marbh – Sadhbh Devlin

Níl tú marbh ach, ag an staid seo, n’fheadar an ndéanfadh sé difear ar bith dá mbeadh tú. Fad is atá do chorp suite ar an úrlar ag ól fíona, nó suite chun boird ag ithe brioscaí nó suite sa charr ag tiomáint ró-ghar don charr os do chomhair amach – tá tusa in áit éigin eile. I bhfolach uaim. Tá tú tar éis tochailt isteach in áit éigin chomh domhain sin is ar éigean go sroicheann an solas thú. Ní creidim, anois, gur mise an té a thiocfaidh ort. Níl áit ar bith fágtha le cuardach agam.

I bhfad ó shin, agus mé fós óg, shleamhnaigh mé isteach i do sheomra leapa. Sheas mé faoi sholas fionnuar, glas cos na leapa. Is ann a bhí do dheasc – é ina cíor thuathail de pháipéir agus leabhair. Chas mé eochar i dtarraiceán agus tharraing, an adhmaid ag scréachaíl go raibh rún á scaoileadh. Bhí leabhair nótaí istigh, líonta le tonnta dod’ scríobhneoireacht chaolcrúbach. Mhéaraigh mé an tranglam pinn, sreang, admhálacha brúite agus páipéar toitíní a bhí taobh leo. B’shin an lá a d’fhoghlaim mé gur chaith tú. Shíl mé gurb é a t-aon rún a bhí agat.

I bhfad níos déanaí, thuig mé gur botún a bhí ann neamhaird a dhéanamh de d’fhocail. Mar sin chaith mé blianta eile ag taistil faid do sheilf leabhar ar do lorg. Chuimil mé mo mhéara ar gach leabhar le droim scoilte. “Seo hé!” a dúirt mé. Gach uair. Agus léigh mé gach focal, ag samhlú go raibh siad ag dul i bhfeidhm orm sa bhealach céanna is a ndeachaigh siad i bhfeidhm ortsa. Ach, thréig na focail céanna mé agus mé ag iarraidh léiriú duit an méid a bhí foghlamtha agam. Toisc nach raibh aon ní foghlamtha agam i ndáríre.

Uair amháin, cheap mé gur tháinig mé ort idir na sliseoga vinile a luí, i gcarn néata, leis an mballa. Shíl mé gur chuala mé tú ag canadh in éindí le Bob agus Lou, le Joni agus Frank. Dhún mé mo shúile le ríméid agus chan mé leat, ard agus láidir. Ach, tar éis tamaill, múchadh do ghuth agus bhí tú caillte arís agam.

Seasann do dheasc i sheomra eile anois. Tá an dromchla ina chíor thuathail de phacáistí síolta glasraí, potaí bláthanna agus ithir thirim, ghreanach. Tá eochar an tarraiceán caillte le fada – é líonta anois le huirlisí láidir gharraíodóireachta, seachas focail. Cuirfidh mé na síolta. Déanfaidh mé iad a chlutharú faoin gcré ag úsáid na huirlisí ón dtarraiceán ina mbíodh do rúin. Fásfaidh na fréamhacha síos go domhain. Tiocfaidh na teannóga geala ort. Nuair a íosfaidh mé na glasraí, n’fheadar an mbeidh blas na mbeatha nó blas an bháis orthu?

Back to Splonk Issue 2

error