An Cás Dearg – Katherine Duffy

‘Thall ansin,’ a deirim le Caoimhe, ag díriú mo mhéar ar chúinne iargúlta den áiléar. An bhfeiceann tú an blúire dearg sin taobh thiar den bhosca bán?’

‘Á sin é! Go raibh míle, a Mhaim.’

Téann Caoimhe ar a ceithre boinn isteach faoin díon íseal chun breith ar an chás dearg. A tóin fhairsing in airde, ar nós leanbh ollmhór róbheathaithe.

Ní cead smaoineamh mar sin. Ógbhean álainn fholláin í m’iníon. Sin an smaoineamh ceart.

Nílim ach dhá nóiméad i mo shuí ar an tolg thíos staighre nuair a bhuaileann sí chugam arís.  Dath an bháis uirthi agus creathadh ina glór.

‘A Mhaim! Céard é seo?’

Rud snasta daite déanta ina lámh aici. Iris! Iris ban ón seansaol.

‘Bhí sé seo ag gobadh aníos as an bhosca bán. A Chríost, Mam! Chuirfí ar ais san Ionad thú dá mbeadh a fhios ag éinne… Úúú, féach ar na mná seo!’ a deir sí, ag tiontú na leathanach. ‘Níl iontu ach cnámha. Urrgh! Múisc orm!’ Caitheann sí uaithi an iris agus ritheann amach as an seomra.

Tá jab maith déanta acu ar an aos óg. Agus ar dhaoine fásta fosta. Mo chairde go léir breá bródúil as a n-iníonacha móra téagartha. Go bhfios dom.

Coinníodh mise i bhfad níb’ fhaide san Ionad ná éinne eile de mo lucht aitheantais. D’imir siad gach cleas orm. Hipniteiripe. Pictiúirí Rubens á moladh go hard na spéire. An taighde nua go léir a chruthaíonn gur folláine i bhfad a bheith trom ná éadrom, d’ainneoin an méid a deirtí ar feadh m’óige féin. Síorthagairt don Tubaiste – athinsint gan stad faoin fheachtas ar líne #muraféidirbheithfoirfenífiú agus faoin phlean uafásach a chuir na mílte bean óg i gcrích an oíche chinniúnach sin scór bliain ó shin. An chailliúint. An dochar. An dobhrón.

Dá fhad a chaitheann tú san Ionad is ea is measa an íde a thugann siad duit.

‘Beidh orainn í a dhó,’ a deir Caoimhe, ar ball.

‘Fág fúmsa é,’ a deirim. ‘Níl cuma rómhaith ortsa go fóill.’

Ach… spéirbhean chaol thanaí ar chlúdach na hirise. Mná sí istigh ann. Aisling ar gach leathanach. Cén dóigh a bhféadfainn iad a scriosadh?

Nuair a bhuailim isteach i seomra Caoimhe, tá an cás dearg beagnach lán le gúnaí leathana agus bicínithe ildaite. Tá sí ag dul ar saoire lena cairde amárach.

‘An gníomh déanta,’ a deirim léi. ‘Oíche mhaith, a stóirín.’

Caitheann sí súil ghéar ghlas ghlégheal orm. Súile Aindí atá ag m’iníon. Nuair a d’fhéachadh sé orm mar sin fadó, thuiginn go raibh mo chuid smaointe uilig á nochtadh dó.

Is beag codladh a dhéanaim. Bíonn drochbhrionglóidí agam ina mbím chomh mór sin nach féidir liom na géaga a bhogadh.  Musclaím de phreab i lár na hoíche agus amhras orm an gcloisim díoscán sa tsíleáil, coiscéim chiúin ar fud an tí.

Ar nós gach dream a thagann chun tú a shracadh as do bhaile, is le breacadh an lae a thagann siad. Thart ar a cúig a chlog cnagtar go trom ar an doras.

Back to Splonk Issue 2