An Bhfuil Mé Marbh? – Seán MacGintidh

Deirtear go gcailltear an duine faoi dhó.

Nuair a fhágann an anáil dheiridh do scamhóga agus an splanc dheiridh d’inchinn tá tú marbh. Is cuma más i do leaba féin, caite ar thaobh na sráide, nó sínte ar ghainimh mín na trá, má tá an anáil imithe as do cholainn agus d’inchinn gan splanc, tá tú marbh.

Ach níl ansin ach bás corpartha. Lobhfaidh do cholainn agus ní bheidh fágtha ach do chnámha lom agus aon ribe gruaige a bhí ort, má bhí.

Tá an dara bás ann. Seo bás doshéanta, dearfa, deireanach. Níl aon chúlú on mbás seo. Tá deireadh leat .

Seo é an bás a chuireann deireadh le do spiorad agus le do chuimhne.

Seo é an bás a tharlaíonn nuair nach bhfuil aon duine fágtha le d’ainm a rá ós ard.

Ní dhéanaimse trácht ar an ábhar sin atá ós rud é go bhfuil greim mífholláin agam ar an mbás. Tá, go deimhin.

Ní aon chabhair domsa bheith ag smaoineamh ar an mbás. Tá an chéad bhás caite uaim le beagnach céad bliain. Thréig an anáil dheiridh mé nuair a caitheadh suas ar an trá mé, mo chorp briste agus casta ag an stoirm agus mé í bhfolach sa bhfeamainn.

Cuireadh naonúr againn sa reilig in uaigh mhór fhada ar thaobh an chnocáin agus thóg deoraithe leac mhór orainn. Diaidh ar ndiaidh, agus le caitheamh ama tháinig maolú ar an méid daoine a tháinig le paidir a rá ag an uaigh. Níl aon chall paidreacha ormsa, tá mé in áit nach gcuirfidh paidir síos nó aníos mé.

Is beag nár shíl mé go raibh deireadh liom.

Ach go deiridh, le cúpla bliain anuas, is amhlaidh go bhfuil mé beo i gcuimhne duine, duine amháin, ar a laghad. Sin neart.

Airím a choiscéimeanna, agus aithním anois iad, ag teacht i mo threo, ag sleamhnú agus ag sciorradh idir na huaigheanna eile ná go seasann sé amach uaim. Níl aon aithne agam air ach ní fear óg é anois.  D’airigh mé é ag míniú do strainséir lá go raibh a athair mór curtha sa tuama seo. Mise an t-aon  duine sínte anseo a bhí pósta agus d’fhág mé seachtar i mo dhiaidh.

Bím ag súil leis.

Ní dheirinn sé aon phaidir. Léann sé na hainmneacha ar an leac. Is é m’ainm an chéad ainm ach léann sé na hainmneacha uilig i nGaeilge, i nguth láidir nádúrtha. Ní bhacann sé leis an leagan i mBéarla ar an taobh eile don leac. Is iontach an rud é m’ainm a aireachtáil ráite mar sin. Tá fhios agam go bhfuil mé beo sa gcuimhne agus san aer, m’ainm agus mo spiorad ag scaradh amach thar bhallaí bheaga na reilige. Tugann sé brí agus láithreacht dom.

Níor cailleadh mé go fóill.

Back to Splonk Issue 2