Scéala Éireann – Seán McGintidh

‘Gabh isteach anseo láithreach, a Athair Uí Laoire.’ Guth an Easpaig sách borb agus é ag labhairt isteach sa fón. ‘Tá mé cráite agaibh uilig. An bhfuil suaimhneas ar bith ag gabháil dom? Cá raibh tú ar feadh na maidine, bhí mé do lorg le leathuair. An bhfuil ormsa chuile shórt a dhéanamh thart anseo? Is mise an tEaspag.’

‘Gabh mo leithscéal, a Easpaig, ach bhí Aifreann le rá agam, níl aon sagart san Ardeaglais an tseachtain seo.’

‘Ná bac leis an feiceann Aifreann, an bhfaca tú an STAR inniu?’

‘An STAR? Ní fhaca mé, go deimhin. Ní cheannaím an giobal suarach sin. Gan ann ach mná óga gan éadaí agus Ronaldo agus Cheltenham, léimse an Independent.’

‘Bhuel, a mhaicín, chonaic an Nuncio agus an Cairdinéal an STAR inniu, mar bhí siad ar an fón agamsa uair a chloig ó shín, nuair a bhí tusa ag mealladh na sean-mhná roctha san Ardeaglais. Ar ndóigh, ní hé an Nuncio nó an Cairdinéal, ach oiread, a chuir glaoch orm, ach a ngiollaí, an tAthair Zykzylslw agus an tAthair Ó Crosáin.’

‘Ní thuigim, a Easpaig. Céard a chonaic an Nuncio nó an Cairdinéal ar an STAR a bhfuil baint ar bith againn leis?’

‘Chonaic siad pictiúir de shagart de chuid na deoise seo ar an leathanach tosaighagus ar an dá leathanach sa lár. Anois, a Athair, ceist agam ort, cén sagart agus céard a bhí á dhéanamh aige agus an bheirt atá leis ‘sna pictiúir? Pictiúir glan, géar agus é an soiléir iontú nach bhfuil air ach straois.’

‘A Easpaig…níl fhios agam…cén chaoi a mbeadh fios agamsa… Níl…níl…’

‘A Athair, sin é an jab atá agatsa, súil a choinneal ar na sagairt, níl mise in ann bheith san uile áit. Ainmnigh na sagairt, agus a gcuid laige, a bhfuil súil dhiscréideach á choinneáil agat orthu.’

‘Bhuel, Mac Suibhne  an-dúil aige san ól, Ó Máirtín, tugtha do na capaill agus do na cúnna malla, Mac Samhráin agus é ró-mhór le máistreás sa scoil agus le beirt eile ar an mBord Bainistíochta, cibé cé a bhfaigheann sé an t-am, Mac Lochlainn, tá Mercedes aigesan agus gillín do bhád, an ceann is mó sa gcaladh, níl fhios ag éinne cá as a bhfuil  a chuid airgid ag teacht. Tá Iodálach ag fanacht le Ó Uigín i dteach an Pharóiste, buachaill deas, ach tá mé amhrasach fúthu agus tá an tír ag caint faoin  Athair Mac Amhlaigh agus na banaltraí Filipínis sin, triúr acu sa teach aige ó tháinig siad anseo…’

‘Stop, stop, stop, in ainm Dé, ní bheidh éinne fágtha. Céard faoin Athair Mac Gairbhigh amuigh i gCill an Bhogaigh?’

‘Fear diaganta, naofa é sin, níl aon amhras orm faoi ar chor ar bith.’

‘Gabh síos agus ceannaigh an STAR, níl sé chomh naofa sin.’

Return to Splonk Issue 1

error