Lúcháir an Earraigh – Sadhbh Devlin

D’ardaigh an Chailleach a cloigeann cromtha, cnámh droma ag claicearnach, i dtreo béal na pluaise. Bhrúigh leoithne ghaoithe teasaí isteach i gcoinne an dúch-dorchadas.

‘A Bhríd, an bhfuil tú tagtha?’

Mheall an ghaoth amach ón domhan conáilte faoi thalamh an Chailleach, ag impí uirthi a brat sraoilleach a chaitheamh di. A crúba féitheogacha a shíneadh amach. Lúcháir an Earraigh a shú go smior.

Agus, mar a bhí déanta aici ó bhánú an tsaoil, lean sí an boladh cré bogthe a bhí ag snámh ar bharr an aeir. Chlaon sí a corp ar thaobh amháin, ag baint taca as a slat reoite agus bhog sí go mall, tuisleach thar chonablaigh ainmhithe beaga a bhí scaipthe ar úrlár smúrach na pluaise – cnámh, matán, clúmh, cleite.

‘An bhfuil an tEarrach linn arís ar deireadh, a Bhríd?’

Stop an Chailleach ar thairseach na pluaise agus chonaic arís an domhan iomlán ag síneadh amach roimpi. Ní raibh aghaidheanna suáilceacha na caisearbháin tar éis fáilte a chur roimpi le fada an lá. Is féar crua, buí a bhí faoina cosa préachta anois.

‘An é go bhfuil mé róluath nó ródhéanach le m’adhmaid a bhailiú, a Bhríd?’ a ghlaoigh sí, agus mearbhall uirthi. ‘An bhfuil an Geimhreadh tagtha nó imithe?

Ach, ní raibh rian den Bhandia Bríd. Bhí sise, a mhúsclódh na bláthanna beaga, a mhealladh na beacha ón gcoirceog, a chlúdódh an domhan le clóca téagartha torthúil, caillte. Anois, bhí gach bláth briosc ar ghéag, ní raibh crónán ar bith le cloisteáil agus bhí an ithir bhocht mar a bheadh púdar ann.

Ghlaoigh an Chailleach amach arís, snag biorach ina glór, ‘Impím ort, a Ghaoth Aduaidh. Tabhair leat an sneachta, ‘s an sioc, ‘s an bháisteach!’ Chaith sí siar a cloigeann agus sháigh sí an tslat reoite go domhain sa talamh. Rinne an Ghaoth Aduaidh mar a d’iarr sí agus bhailigh sí ina séideán fíochmhar thart timpeall ar an gCailleach. Ach, ní raibh sneachta ná sioc ó thuaidh níos mó agus ní raibh fágtha le scaoileadh ar an ithir loiscthe ach uisce marbh, géar an fharraige.

D’éalaigh an Chailleach ar ais isteach sa phluais, a slat gan mhaith ina chrotal tirim. Chaith sí í féin ar a glúine, cantaireacht ársa ar a anál. Ghuí sí go bhfilleadh an beatha ar na cnámha beaga, na matáin caite, an chlúimh, na cleití. Ghuí sí arís go mbeadh an domhan iomlán athshaolaithe.

Return to Splonk Issue 1